Cork Airport

Teacht chuig an Aerfort

Faisnéis Custam

Seo a leanas treoir shimplí lena gcabhrófar leat do shlí a dhéanamh tríd an limistéar custam in Aerfort Chorcaí. Tá trí bhealach custam i bhfeidhm san aerfort, is iad sin: an Bealach Gorm, an Bealach Glas agus an Bealach Dearg. 

An Bealach Gorm

Maidir le paisinéirí ar thosaigh a n-aistear agus a n-eitilt i dtír eile den Aontas Eorpach, ní gá dóibh aon dearbhú a thabhairt don lucht custam ar theacht isteach dóibh. Féadfaidh siad dul ar aghaidh go díreach tríd an mBealach Gorm. 

An Bealach Glas agus an Bealach Dearg

Maidir le paisinéirí a bhainfidh Corcaigh amach:

  • Ar eitiltí ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, ó na hOileáin Chanáracha nó ó Oileáin Mhuir nIocht, nó
  • Ó aerfort atá suite i dtír den Aontas Eorpach ar eitilt a thosaigh lasmuigh den Aontas Eorpach ní
  • mór dóibh dul trí chustaim in Éirinn tríd an mBealach Glas nó an Bealach Dearg a thógáil:
  • Ba cheart duit an Bealach Glas a thógáil i gcás:
  • Go bhfuil tú cinnte nach bhfuil níos mó ná na liúntais a bhfuil tú ina dteideal i do sheilbh agat.
  • Tá na liúntais sin postáilte ar fhógraí ar fud an halla bagáiste
  • Nach bhfuil aon earraí toirmiscthe nó srianta i do sheilbh agat.
  • Ba cheart duit an Bealach Dearg a thógáil i gcás:
  • Go bhfuil tú in amhras
  • Go bhfuil níos mó ná na liúntais a bhfuil tú ina dteideal i do sheilbh agat.
  • Go bhfuil aon earraí toirmiscthe nó srianta i do sheilbh agat.

Is féidir faisnéis a fháil anseo faoi Chustaim agus Mál na hÉireann, lena n-áirítear faisnéis faoi liúntais agus sonraí faoi earraí toirmiscthe agus srianta.

 


Nithe is Féidir Leat a Dhéanamh  

Tá Cathair Chorcaí ar an dara cathair is mó in Éirinn. Is príomhchathair eacnamaíoch agus chultúrtha dheisceart na hÉireann í freisin. Bíonn sé de nós ag an muintir áitiúla a rá gur “mó cnoic i gCorcaigh ná mar atá sa Róimh”. Níl an chathair suite ach 10 gciliméadar ó Aerfort Chorcaí agus cónaíonn 120,000 duine inti. Tá cáil ar shaoránaigh na cathrach as an mbród ollmhór atá orthu aisti. Tá Aerfort Chorcaí ina bhealach isteach i Slí an Atlantaigh Fhiáin agus i gcontaetha Chorcaí agus Chiarraí – ar mórchinn scríbe do thurasóirí iad araon. Is féidir dul ar aghaidh ansin go mór-réigiún na Mumhan chun cuairt a thabhairt ar chontaetha Phort Láirge, Thiobraid Árann agus Luimnigh. 

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi na nithe seo:

Cathair Chorcaí
Slí an Atlantaigh Fhiáin
Contae Chorcaí
Iarthar Chorcaí
Cathair Phort Láirge
Tiobraid Árann
Luimneach
Áiteanna eile in Éirinn ar cheart cuairt a thabhairt orthu
Imeachtaí i gCorcaigh


Cóiríocht

Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoi chóiríocht in Éirinn a fháil anseo.


FAISNÉIS GHINEARÁLTA

Seiceáil Isteach

Tá an limistéar seiceála isteach in Aerfort Chorcaí lonnaithe sa Halla Eitiltí Amach ar bhunurlár (Leibhéal 1) an fhoirgnimh chríochfoirt. Molann formhór na n-aerlínte duit an t-aerfort a bhaint amach dhá uair ar a laghad roimh am imeachta d’eitilte.

Ag buaicamanna, go háirithe le linn mhíonna an tsamhraidh, molaimid duit cinnte a dhéanamh de go gcuirfidh tú am breise ar leataobh le haghaidh seiceáil isteach agus scagadh slándála.

Carranna ar Cíos a Thabhairt ar Ais

Ba cheart carranna ar cíos a thabhairt ar ais sa limistéar fágála carranna ar cíos roimh sheiceáil isteach. Is féidir le paisinéirí leas a bhaint as cóiste cúirtéise ansin chun iad a iompar chuig an bhfoirgneamh críochfoirt. 

An tSaoráid Aisíocaíochta Cánach

Is cáin miondíolacháin in Éirinn í cáin bhreisluacha (CBL). Leis an scéim easpórtála miondíola, tugtar deis do chuairteoirí ó áiteanna lasmuigh den Aontas Eorpach a cheannaíonn earraí ann lena dtabhairt abhaile leo leas a bhaint as faoiseamh cánach. Ní thugtar faoiseamh i leith seirbhísí (mar shampla cóiríocht óstáin, béilí, carr a fháil ar cíos, etc.).

Is ar dhá bhealach phríomha a oibríonn an scéim. Íocann an cuairteoir an cháin nuair a cheannaíonn sé/sí earraí. Faigheann sé/sí aisíocaíocht ina dhiaidh sin ón miondíoltóir nó ón ngníomhaireacht aisíocaíochta lena mbaineann nó, in asraonta miondíola áirithe, díoltar na hearraí saor ó cháin ag an díolphointe.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi oibriú na scéime anseo.

Tá an oifig Aisíocaíochta Cánach lonnaithe ar an mbunurlár (Leibhéal 1) in aice le caifé Refuel.

Uaireanta Oibre: 09.00 - 20.00 (Luan go hAoine)
Teil: +353 21 432 9630


Slándáil Aerfoirt: Earraí is Ceadmhach a Thabhairt i mBagáiste Láimhe 

De réir rialacháin slándála eitlíochta an Aontais Eorpaigh, ní ceadmhach do phaisinéirí leacht, glóthach nó taos ar bith is mó a dtoilleadh ná 100 ml a thabhairt leo tríd an limistéar scagtha slándála.

Is ceadmhach do phaisinéirí leachtanna a iompar i gcoimeádáin nach mó a dtoilleadh ná 100 ml agus atá pacáilte i mála plaisteach aon lítir atá trédhearcach agus in-athshéalaithe. Tabhair faoi deara nach mór méid gach coimeádáin nach mó a dtoilleadh ná 100 ml a bheith taispeánta go soiléir.

Ba cheart do phaisinéirí eolas a chur ar na rialacháin sin, rud a chabhróidh leo dul tríd an limistéar scagtha slándála go réidh. Cliceáil anseo chun leagan PDF de Rialacháin an Aontais Eorpaigh maidir le Leachtanna a rochtain.  

Leagtar amach san fhaisnéis seo a leanas cén tionchar a bheidh ag na rialacháin má bhíonn tú ag taisteal chun críocha gnó nó chun críocha fóillíochta agus cé na nithe nach mór duit a choinneáil san áireamh má bhíonn leanaí ag taisteal in éineacht leat nó má bhíonn aon riachtanais speisialta chothaithe nó leighis agat.  Chomh maith leis sin, tugaimid freagraí ar roinnt Ceisteanna Coitianta.

Is ceadmhach coimeádáin nach mó a dtoilleadh ná 100 ml agus a chuimsíonn leachtanna, glóthacha, cineálacha taois, lóiseanna nó cosmaidí a thabhairt trí na limistéir scagtha slándála do phaisinéirí i ngach aerfort san Aontas Eorpach. De bhreis air sin, ní mór na míreanna sin a thaispeáint i mála trédhearcach ath-inséalaithe nach mó a thoilleadh ná lítear amháin (nó 20 cm x 20 cm) ag an limistéar scagtha slándála do phaisinéirí. Tá feidhm ag na rialacha maidir le gach leacht/glóthach/taos amhail uisce agus deochanna, cannaí aerasóil agus earraí níocháin amhail taos fiacla, uachtar bearrtha, glóthach ghruaige, snas béil agus uachtair. 

Tá dhá eisceacht ann ar na rialacha:

  1. Bia linbh a bheidh ag teastáil le linn na heitilte
  2. Cógais a bheidh ag teastáil le linn na heitilte. (Tabhair faoi deara: Ní mór gach cógas do leanaí a dhíoltar thar an gcuntar, amhail Calpol agus Neurofen, a bheith i mbuidéil nach mó a dtoilleadh ná 100 ml).

Ní mór míreanna díolmhaithe a chur i mála trédhearcach ath-inséalaithe ar leith agus ní mór iad a thaispeáint ar leithligh ag an limistéar scagtha slándála do phaisinéirí. 

 

Tá feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le leachtanna i mbagáiste láimhe:

  1. Ní ceadmhach duit leachtanna, glóthacha, cineálacha taois, lóiseanna agus cosmaidí a thabhairt tríd an limistéar scagtha slándála do phaisinéirí in aerfort ar bith san Aontas Eorpach ach amháin i gcás go bhfuil siad i gcoimeádáin nach mó a dtoilleadh ná 100 millilítear 
  2. Ní mór na coimeádáin sin a iompar i mála plaisteach atá trédhearcach agus ath-inséalaithe agus ní mór iad a thaispeáint ar leithligh do na hoifigigh scagtha slándála. Ba cheart an toirt leachta a bheith taispeánta go soiléir ar gach coimeádán 
  3. Ní ceadmhach do dhuine ach mála plaisteach trédhearcach amháin a bheith aige/aici 
  4. Ní ceadmhach toilleadh an mhála phlaistigh thrédhearcaigh a bheith níos mó ná lítear amháin (nó 20 cm x 20 cm) ar fad 
  5. Ní mór an mála plaisteach trédhearcach a bheith ath-inséalaithe.

 

Le linn duit dul tríd an limistéar scagtha slándála do phaisinéirí, ní mór duit an mála trédhearcach ath-inséalaithe a chuimsíonn leachtanna agus substaintí eile a chlúdaítear leis na rialacháin a chur ar leithligh sa tráidire le haghaidh scagadh x-gha. Ní mór cótaí, seaicéid agus fearais mhóra leictreacha amhail ríomhairí glúine a chur sa tráidire a chuirtear ar fáil le haghaidh scagadh slándála.

I gcás nach mór duit roinnt leachtanna nó substaintí eile a chlúdaítear leis na rialacháin a iompar i do bhagáiste láimhe, molaimid go mór duit iad a phacáil isteach sa mhála trédhearcach ath-inséalaithe a theastaíonn sula dtagann tú chuig an aerfort. Tá na málaí sin ar fáil sa chuid is mó d’ollmhargaí áitiúla. Tá siad ar fáil freisin sna meaisíní díola sa Halla Imeachta. 

 


Leideanna Cabhracha 

Tá sábháilteacht agus slándáil ár gcuid paisinéirí ar an tosaíocht is mó atá againn in Aerfort Chorcaí:

Molaimid do phaisinéirí cloí leis an gcomhairle seo a leanas nuair atá siad ag taisteal ó Aerfort Chorcaí.

  • Fág dóthain ama chun taisteal chuig an aerfort. Más rud é go bhfuil tú ag úsáid carr príobháideach agus go bhfuil sé beartaithe agat an carrchlós ilstórach gearrthéarmach nó an carrchlós fadtéarmach a úsáid, fág go leor ama le go mbeidh tú in ann an carr a pháirceáil agus dul de shiúl na gcos chuig an bhfoirgneamh críochfoirt.
  • Bain an t-aerfort amach 90 nóiméad ar a laghad ROIMH am imeachta d’eitilte sceidealaithe agus 2 uair 30 nóiméad ar a laghad ROIMH am imeachta do chairteitilte.
  • Ná tabhair ach píosa AMHÁIN de bhagáiste láimhe leat.
  • De réir mar a théann tú i dtreo an mheaisín x-gha, cuir gach earra miotail atá á n-iompar nó á gcaitheamh agat isteach i do bhagáiste láimhe nó sa tráidire a chuirtear ar fáil, lena n-áirítear boinn, eochracha, criosanna, fón póca agus seodra.
  • Bain díot do chóta agus do sheaicéad allamuigh agus cuir i dtráidire iad. Bain do ríomhaire glúine agus aon trealamh cumarsáide iniompartha eile dá gcás agus cuir i dtráidire ar leith iad le haghaidh scagadh.
  • Bain de do mhála láimhe aon leachtanna, lóiseanna, glóthacha agus cineálacha taois agus taispeáin don Oifigeach Slándála iad ar leithligh i mála plaisteach trédhearcach. Tabhair faoi deara nach gcuireann Aerfort Chorcaí málaí plaisteacha ar fáil. Mar sin féin, is féidir iad a cheannach sa chríochfort SULA dtéann tú i dtreo an limistéir scagtha slándála do phaisinéirí.
  • Is ceadmhach Cógais Oidis Bhunriachtanacha agus riachtanais chothaithe speisialta, bia linbh san áireamh, a theastaíonn le haghaidh na heitilte a thabhairt leat. Mar sin féin, ní mór iad a thaispeáint ar leithligh lena scagadh.
  • Siúil tríd an mbrathadóir miotail duine ar dhuine.
  • Ní ceadmhach duit aon mhíreanna géara nó contúirteacha a thabhairt leat tríd an limistéar scagtha slándála do phaisinéirí. Míreanna toirmiscthe iad na míreanna sin.
  • Ní ceadmhach duit aon leachtanna, lóiseanna, glóthacha ná cineálacha taois ar mó a dtoilleadh ná 100 millilítear a thabhairt leat ar bhord an aerárthaigh. Ní ceadmhach na míreanna sin a sheiceáil isteach ach mar Bhagáiste Boilg. Tabhair na míreanna sin don fhoireann scagtha slándála, a gheobhaidh réidh leo thar do cheann.
  • Ná déan dearmad do ghiuirléidí go léir a bhailiú sula n-imíonn tú i dtreo an gheata bordála. 

Ba mhaith le hAerfort Chorcaí go mbeadh dea-thuras sábháilte agat agus ba mhaith leis buíochas a ghabháil le gach paisinéir as cloí leis na nósanna imeachta slándála sin de chuid an Aontais Eorpaigh.
 

Cearta Aerphaisinéirí san Aontas Eorpach

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi Chearta Aerphaisinéirí san Aontas Eorpach anseo.


Rialú Pasanna agus Custaim   

RIALÚ PASANNA: 

Is é Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS) a oibríonn an Rialú Pasanna ar Aerfort Chorcaí a shroicheadh. Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi Rialú Pasanna nó faoi Inimirce, is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil anseo.

CUSTAIM:

Eitiltí Isteach ó Áiteanna laistigh den Aontas Eorpach

  • Más amhlaidh gur san Aontas Eorpach a bhí do thuras ar fad, tóg an Bealach Gorm tar éis duit do bhagáiste a fháil ar ais. Déanann oifigigh chustaim faireachán ar an limistéar sin agus is féidir go ndéanfaidh siad seiceálacha.
  • Má bhíonn earra le dearbhú don lucht custam agat, ba cheart duit an Bealach Dearg a thógáil.

Eitiltí Isteach ó Áiteanna lasmuigh den Aontas Eorpach

  • Tar éis duit do bhagáiste a fháil ar ais, beidh ort an tseiceáil custam a imréiteach. Léirítear liúntais saor ó dhleacht agus liúntais saor ó cháin laistigh den Halla Custam.
  • Tóg an Bealach Dearg chun earraí atá de bhreis ar an liúntas agus earraí tráchtála a dhearbhú. 
  • Tóg an Bealach Glas mura mbíonn earra ar bith atá de bhreis ar an liúntas le dearbhú agat. Ná tóg an Bealach Gorm.
  • Má tá amhras ort, tóg an Bealach Dearg.

Chun miondealú mionsonraithe a fháil ar na liúntais phearsanta le haghaidh taisteal laistigh den Aontas Eorpach nó lasmuigh de, cliceáil anseo.

 


Míreanna Toirmiscthe   

Tá sábháilteacht agus slándáil ár gcuid paisinéirí mar thosaíocht d’Aerfort Chorcaí. Nuair a thaistealaíonn tú ar eitleán, beidh ort dul faoi Scagadh Slándála do Phaisinéirí le haghaidh seiceáil slándála. Tá an tseiceáil slándála sin bainteach leis na nithe is ceadmhach duit a thabhairt leat ar bhord aerárthaigh.



Seiceálfar do bhagáiste láimhe agus do bhagáiste seiceáilte isteach araon le trealamh braite. Is féidir go ndéanfar cuardach láimhe orthu freisin. Déantar é sin chun a chinntiú nach bhfuil tú ag iompar aon substaintí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach ná aon mhíreanna a d’fhéadfadh riosca a chruthú do phaisinéirí, don fhoireann nó do shlándáil agus shábháilteacht an aerárthaigh.



Moltar do phaisinéirí gan ach píosa amháin de bhagáiste láimhe a thabhairt leo. Ba cheart míreanna géara a bhaint den bhagáiste láimhe agus iad a chur i mbagáiste seiceáilte isteach.

Sula dtugann tú aghaidh ar an aerfort, seiceáil an bhfuil d’eitilt in am nó nach bhfuil agus deimhnigh an t-am a n-éilíonn d’aerlíne ort seiceáil isteach faoi. Molann Aerfort Chorcaí duit an t-aerfort a bhaint amach 90 nóiméad ar a laghad sula n-imíonn d’eitilt sceidealaithe.

Bí foighneach má bhíonn ort ciúáil ag na deasca seiceála isteach, sa limistéar rialaithe slándála nó ag an ngeata bordála. Cinntítear sábháilteacht ár bpaisinéirí go léir leis na seiceálacha slándála a dhéanaimid de réir mar a théann tú tríd an aerfort. 



Chun liosta de mhíreanna toirmiscthe i do bhagáiste láimhe a fháil, cliceáil anseo. Chun liosta de mhíreanna toirmiscthe i do bhagáiste seiceála isteach a fháil, cliceáil anseo.



Ba mhaith le hAerfort Chorcaí buíochas a ghabháil le gach paisinéir as cloí leis na nósanna imeachta slándála.

Cearta Aerphaisinéirí san Aontas Eorpach

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi Chearta Paisinéirí san Aontas Eorpach anseo.