Cork Airport

Sa Charr PAISINÉIRÍ A BHAILIÚ

Tá an t-ionad tionóil chun paisinéirí isteach a bhailiú suite os comhair Dheasc Faisnéise an Aerfoirt sa Halla Teachta. 

Má tá tú ag bailiú paisinéirí ó Aerfort Chorcaí, déan cinnte go bhfuil uimhir eitilte do theaghlaigh, do chairde nó do chomhghleacaithe agus ainm an aerfoirt óna bhfuil siad ag teacht ar eolas agat. 



Is féidir amanna teachta eitilte atá cothrom le dáta a fháil anseo

Agus tú ag bailiú paisinéirí, ní mór duit páirceáil sa charrchlós ilstórach gearrthéarmach. Ní ceadmhach feithiclí a pháirceáil lasmuigh den fhoirgneamh críochfoirt. Má tá duine i mbun feithicle atá páirceáilte lasmuigh den fhoirgneamh, ordófar dó/di bogadh ar aghaidh. Clampálfaidh Póilíní an Aerfoirt aon fheithiclí atá fágtha gan aon duine ina mbun. Ní ceadmhach carranna a fhágáil gan aon duine ina mbun am ar bith.


PAISINÉIRÍ A FHÁGÁIL AG AN AERFORT

Tá an carrchlós gearrthéarmach lonnaithe sa Charrchlós Ilstórach atá suite in aice leis an bhfoirgneamh críochfoirt. Ba cheart do dhaoine an carrchlós gearrthéarmach a úsáid agus paisinéirí á bhfágáil acu. Is féidir dul isteach sa chríochfort trí shiúlán cumhdaithe atá suite in aice leis an gCarrchlós Ilstórach. 

Íoc as Páirceáil

Le hairgead tirim:

  • Má tá an custaiméir ag íoc as táillí páirceála le hairgead tirim, ní mór dó/di na táillí sin a ghlanadh ag Stáisiún Íoctha sula mbainfidh sé/sí bacainn an charrchlóis amach. 

  • Má tá cúnamh ag teastáil, is féidir teagmháil a dhéanamh le baill foirne an Charrchlóis ag aon Bhacainn nó Stáisiún Pá ach an cnaipe ‘i’ a bhrú.

 

Le Cárta Creidmheasa nó Dochair:

  • Tóg ticéad ag an mBealach Isteach agus bain úsáid as do chárta chun íoc as an ticéad sin ag aon Stáisiún Íoctha.
Tóg ticéad ag an mBealach Isteach agus íoc as an ticéad sin ach do chárta a chur isteach i mbacainn an Bhealaigh Amach.
Cuir do chárta Creidmheasa nó Dochair isteach i mbacainn an Bhealaigh Isteach. Cuir an cárta céanna isteach i mbacainn an Bhealaigh Amach agus tú ag imeacht.

 

Paisinéirí a Fhágáil ag an Aerfort

Má tá tú ag fágáil paisinéirí ag Aerfort Chorcaí, is é an bóthar atá suite lasmuigh den chríochfort an t-ionad fágála a úsáidtear chun daoine agus/nó bagáiste a dhílódáil. 

Mar gheall ar an méid mór tráchta a úsáideann Aerfort Chorcaí, agus ar mhaithe le dea-bhainistíocht tráchta a áirithiú, ní ceadmhach feithiclí a pháirceáil lasmuigh den chríochfort chun fanacht le paisinéirí isteach.  Má tá duine i mbun feithicle atá páirceáilte lasmuigh den chríochfort, ordófar dó/di bogadh ar aghaidh. Déanfar aon fheithiclí atá fágtha gan aon duine ina mbun a chlampáil agus a bhaint.


Ticéad Bus/Cóiste a Chur in Áirithe 

Freastalaíonn seirbhísí sceidealta bus agus cóiste ar Aerfort Chorcaí, agus nascann siad an t-aerfort le Cathair Chorcaí. Nascann siad Cathair Chorcaí le cinn scríbe fud fad na hÉireann ó phríomh-bhusáras/príomhstáisiún traenach na cathrach freisin. Imíonn busanna agus cóistí ó láthair atá suite os comhair an fhoirgnimh chríochfoirt. Tógann an t-aistear idir Aerfort Chorcaí agus Busáras Phlás Parnell 20 nóiméad de ghnáth. 

Chuig Cathair Chorcaí

Is féidir leat Bus 226 a thógáil ó Aerfort Chorcaí go Busáras Phlás Parnell, arb é an príomh-bhusáras i gCathair Chorcaí é.

Chuig Aerfort Chorcaí

Imíonn Bus 226 ó Bhusáras Phlás Parnell go hAerfort Chorcaí agus téann sé ar aghaidh ansin go Cionn tSáile, ar sráidbhaile atá suite gar don Aerfort é.

FAIGH TUILLEADH FAISNÉISE

Corcaigh agus Baile Átha Cliath

Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoi sheirbhísí Bhus Éireann idir Cathair Chorcaí, Aerfort Chorcaí agus áiteanna níos faide ar shiúl a fháil ag

Bus Éireann


Gaillimh agus Luimneach 

Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoi sheirbhísí Citylink idir Aerfort Chorcaí, Gaillimh agus Luimneach a fháil ag

Citylink


Carranna ar Cíos

Is féidir leat carr a ligean ar cíos ag Aerfort Chorcaí ó na cuideachtaí seo a leanas. Tá na hoifigí cíosa go léir lonnaithe sa Halla Teachta.

Car Rental Company Telephone Website

Avis

+353 (0) 21 432 7460

Click here to book

Budget / Payless

+353 (0) 21 431 4000

Click here to book

Enterprise

+353 (0) 21 483 8973

Click here to book

Europcar

+353 (0) 21 240 0100

Click here to book

Dooley

+353 (0) 21 432 1099

Click here to book

Hertz

+353 (0) 21 496 5849

Click here to book

 


I dTacsaí   

Chuig Aerfort Chorcaí

Maidir le paisinéirí a thaistealaíonn chuig an Aerfort i dtacsaí, fágfar iad go díreach os comhair an chríochfoirt ar an leibhéal seiceála isteach. Is thart ar €20 a chosnaíonn tacsaí ó lár cathrach Chorcaí agus ón bpríomh-bhusáras/ón bpríomhstáisiún traenach chuig an Aerfort. 

Ó Aerfort Chorcaí

Tá an stad tacsaithe suite go díreach lasmuigh den fhoirgneamh críochfoirt. Is thart ar €20 a chosnaíonn tacsaí ó Aerfort Chorcaí chuig lár cathrach Chorcaí agus chuig an bpríomh-bhusáras/chuig an bpríomhstáisiún traenach. 

Do Chearta

Tá tú i dteideal na nithe seo a leanas mar phaisinéir i dtacsaí:

  • Tacsaí a fháil le haghaidh turas atá 30 km ar fad ar a mhéad
  • A éileamh go ríomhtar gach táille ar an méadar tacsaí 
  • Admháil arna priontáil ag an méadar tacsaí ar íocaíocht a dhéanamh 
  • Feithicil ghlan agus turas deas
  • Faisnéis Táillí a thaispeáint. 

Tá ceangal ar thiománaithe tacsaí ceadúnaithe faisnéis do phaisinéirí, lena n-áirítear cearta agus freagrachtaí agus faisnéis táillí, a thaispeáint ar thosach na feithicle agus ar a cúl. Is é Stiúrthóireacht Rialála Tacsaí an Údaráis Náisiúnta Iompair a sholáthraíonn an fhaisnéis sin.  

 

Gearán a Dhéanamh faoi Tháille Tacsaí

I gcás díospóide faoi tháille, faoi iompar tiománaí nó faoi riocht nó glaineacht feithicle, ba cheart do chustaiméir an táille a thaispeántar ar an méadar a íoc, lena n-áirítear breiseanna, a chinntiú go bhfaigheann sé/sí admháil phriontáilte, agus gearán foirmiúil a dhéanamh. Imscrúdóidh Stiúrthóireacht Rialála Tacsaí an Údaráis Náisiúnta Iompair an gearán sin de réir mar is cuí.

Más mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh, iarr foirm gearáin ach glao a chur ar an Líne Faisnéise Náisiúnta do Thomhaltóirí maidir le Feithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí ag 0761 064 000. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo.


Ticéad Traenach a Chur in Áirithe   

Cuideachta traenach náisiúnta na hÉireann is ea Iarnród Éireann, agus oibríonn sé traenacha chuig Stáisiún Traenach Cheannt i gCathair Chorcaí agus amach as araon.

Tá Stáisiún Cheannt suite ar Bhóthar Ghleann Maghair Íochtarach i gCorcaigh. 10 nóiméad siúil atá sé ó phríomh-bhusáras Chathair Chorcaí i bPlás Parnell.

Is féidir leat tacsaí nó bus a fháil chun taisteal idir Stáisiún Cheannt agus Aerfort Chorcaí. Tá an stad tacsaithe suite os comhair an fhoirgnimh chríochfoirt. Imíonn seirbhísí sceidealta Bhus Éireann ó Aerfort Chorcaí chuig Busáras Phlás Parnell. Tá an stad bus suite os comhair an fhoirgnimh chríochfoirt.

Is féidir taisteal ó Stáisiún Traenach Cheannt chuig gach mórbhaile agus gach mórchathair a bhfuil nasc iarnróid acu in Éirinn.

Is féidir leat ticéid traenach a chur in áirithe le hIarnród Éireann.



I


I


I